Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Rugadh Mary i dToraigh, bhí saol breá acu ach bhí an t-airgead gann. Bhí a gcuid féin acu, ní raibh le ceannach ach tae agus siúcra. | 00:00:55 | |
Saol ar an oileán: Iascaireacht an slí beatha a bhí ag a hathair agus ag lucht an oileáin uilig. Théadh bád Dixon isteach as tír mór chun an oileáin leis an phost agus le earraí uair nó dhó sa tseachtain. Bhí siopa ag Mary ar feadh tamaill, seomra sa teach a bhí ann. Bhí cúpla siopa beag ar an oileán ag an am.
Bhíodh siad ag cniotáil agus ag fuáil agus dhíoladh a máthair na earraí a rinne sí. Bhíodh siad ag déanamh cuilteanna fosta. | 00:04:08 | |
Bhog sí féin agus a teaghlach amach as Toraigh go tír mór in 1980 nuair a bhí a iníon ag éileamh. Bhog cuid mhór de lucht Oileán Thoraí amach ag an am céanna agus tá cónaí orthu anois i Mín Lárach agus ar na Crois Bhealaigh. | 00:01:14 | |
D’imigh scaifte fear as an oileán, a hathair ina measc, agus d’imigh siad go Meiriceá i 1914 ar eagla go gcuirtí san arm iad. Phill an chuid is mó acu i ndiaidh cúpla bliain ach amháin duine nó dhó. | 00:01:04 | |
Saol ar an oileán, bhí a mbia féin acu; préataí, cairéid, im, bainne agus mar sin. Bhain siad móin ar an tír mór, bhí obair mhaslach i gceist le seo nuair a bhí sí le tabhairt an oileáin ansin. | 00:02:02 | |
Mary í féin a thug an chéad lampa “tilly” go Toraigh. | 00:01:21 | |
A gcuid earraí féin acu ar an oileán, ní raibh le ceannach ach plúr, tae agus siúcra. | 00:00:39 | |